Physical Address

304 North Cardinal St.
Dorchester Center, MA 02124

Tionscal baile

Seachas an aimsir, is é an t-ábhar cabaireachta agus plé is ansa linn ná bheith ag caitheamh anuas orainn féin. Nó sin é ba dhóigh leat ar na nuachtáin, ar na litreacha go dtí na heagarthóirí, ar chláracha cainte raidió agus ar na meáin shóisialta (dóibh siúd a bhfuil sé de ghamalacht acu dul nasctha ina líon). Agus sin in ainneoin gach tomhais go bhfuilimid ar cheann de na tíortha is éirithí, is daonlathaí, is síochánta, is cothroime agus is sábháilte ar an domhan seo, agus ar dhomhain eile chomh maith.
Ní fhágann sin nach bhfuil cáil go forleathan orainn a bheith mar thearmann cánach agus ar fhoireann sacair a bheith againn go bhfuil náire orthu cúl a scóráil. Tá aon ghné amháin den saol idirnáisiúnta, áfach, a rabhamar go mór chun deiridh inti go dtí le déanaí, teip a bhí glan in aghaidh ár ndúchais.
Na milliúin gan áireamh cruinn ón tír seo a ghabh siar, soir agus ó dheas ag lorg beatha nua dóibh féin le céad go leith bliain anuas is mó duine díobh a dhein gaisce. Thógadar cathracha, thochlaíodar clathacha, leagadar fothracha. Dhein banaltracht ar othair, ghlan tithe na n-uaisle, d’fhreastail ar bhoird. Agus cuid eile fós, thógadar impireachtaí. Ní impireacht na Breataine atá i gceist agam anseo ná impireachtaí na Spáinne, na Fraince ná na hOstaire a raibh a mbarbarthacht féin ag baint leo ach oiread.
Impireachtaí coiriúlachta atá sa phlé agam. Sa tionscal rachmasach dul-chun-cinniúil seo bhíomar go mór chun deiridh go dtí le déanaí. Cúrsaí iontais é gur chailleamar an scil chomh mear sin mar bhíomar ar thús cadhnaíochta san Astráil nuair a ghabhamar ó ghadaíocht caorach go robáil bainc laistigh de ghlúin, agus go ró-áirithe i Meiriceá.
B’fhéidir cáil níos mó a bheith ar na gangsteirí Iodálacha thall, ach cuimhnímis gurb Éireannach nó de shliocht an ghorta é Tomás Ó hAogáin, an consigliere a bhí ag Don Vito Corleone sa Godfather. Ós rud é go bhfuil baint ag an sloinne sin le hÓ hAodhagáin agus gur brí amháin atá le ‘aodh’ ná ‘tine’, tharlódh nárbh aon timpist é gurbh eisean a bhí ina shuí ar láimh dheis an tiarna mafia.
Cheapamar nár bhain an Godfather linn, ná Scarface ná Meanstreets ná Goodfellas, ach b’fhéidir gur ardaíodh fabhra le Gangs of New York. B’ann dúinn le gunnaí scréach is le lámhach na bpiléar ar shráideanna Boston, NY, Philadelphia, Chicago agus b’fhurasta cur leo.
Bhí teidil bhreátha fhileata ar na geaingeanna againn: na Coiníní Marbha, an Lámh Bhán Abú, na Cnámha Cráite, Mise á Rá Leat, Fág an Boloch, Porc an Chrócaigh, Suas an Clós, Bruth na Miúile, Naddereesh, Dhá Shail Éile Ó Súilleabháin, Golly Bé, an Ólbogród, Misha Mayfane…
Agus ainmneacha dá réir ar bhossanaí agus ar ghiollaí a dhein ár leas: an Tua Ó Tuathail, an Buamálaí Ó Brosnacháin, an Seabhac Seoigheach, Cosa Ó Cuanacháin, Dorn Ó Donnabháin, Maistín Buile Ó Muineacháin, Gadhar Reatha Ó Gráda, Greim Scrogaill Ó Scornacháin, agus is é oighear an scéil é go bhfuil ainmneacha dá samhail ar na diabhalánaigh atá sna buíonta coirpeach dúchais dár gcuid féin faoi láthair.
Más fíor do na meáin mhóra seachas na meáin mhíshóisialta tá buíon eile ar an leac againn anois a bhfuil ‘an teaghlach’ mar ainm ceana orthu, mar mhalairt ar mhuintir Uí Choinneacháin agus Uí Bhroin atá i mbéal an phobail nó in Dubai. D’éirigh leis na gardaí idirnáisiúnta oscailt a dhéanamh ar chóras criptithe mhangairí drugaí trí phutóga a gcuid teileafóin a rochtain. Is ann a fuaireadar ár mbuíonta dúchais féin i lár an aonaigh. Táimid chomh fásta suas, chomh cothrom le haimsir, chomh maitiúir anois le tír ar bith.
Agus nach maith nár phléasc na teileafóin san fhiosrú?

en_USEnglish